Ag cothú agus ag spreagadh léitheoireacht na Gaeilge

Roinn / Tvuít

Éilís Ní Dhuibhne

Rugadh Éilís Ní Dhuibhne sa bhliain 1954 i mBaile Átha Cliath. Rinne sí B.A. sa Bhéarla agus M.A. i Léann na Meánaoise i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhuaigh sí scoláireacht bhéaloidis go dtí an Danmhairg (University of Copenhagen) agus bhain sí Ph.D. amach sa Bhéaloideas in 1982.

Úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir sa Bhéarla agus sa Ghaeilge is ea í. Toghadh Éilís Ní Dhuibhne ina ball den Aosdána in 2003. D’fhoilsigh Cois Life dhá dhráma léi Milseog an tSamhraidh agus Dún na mBan Trí Thine in 1998. Drámaí eile le hÉilís is ea The Nettle Spinner (taibhithe in Amharclann na Péacóige, Baile Átha Cliath; 1998) agus na drámaí don raidió,Casadh an Taperecorder agus Bábóga. Tá gradaim iomadúla buaite aici, ina measc tá: The Stewart Parker Award, The Bisto Book of the Year Award, sparánachtaí ón gComhairle Ealaíon in 1986 agus 1998. Ainmníodh a saothar, The Dancers Dancing (Blackstaff Press/Headline, 2000) ar ghearrliosta The Orange Prize for Fiction, 2000. Bhuaigh sí duaiseanna Oireachtais dá húrscéalta, Dúnmharú sa Daingean (Cois Life, 2000), Hurlamaboc (Cois Life, 2006) agus Dún an Airgid(Cois Life, 2008) in 2000, 2006 agus 2008 faoi seach. Ainmníodh Hurlamaboc in 2007 do ghradam IBBY (International Board on Books for Young People). Ainmníodh Hurlamaboc agus Dún an Airgid ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin. Foilsíodh Dordán(Cois Life, 2011), an t-úrscéal is déanaí léi – úrscéal spleodrach faoi na fadhbanna a bhaineann le bheith i do dhéagóir sa lá atá inniu ann – in 2011.

Sa bhliain 2015, d’fhoilsigh Cois Life an t-úrscéal, Aisling Nó Iníon A.

Tá aistriúcháin dá cuid saothair ar fáil sa Ghearmáinis, sa Fhraincis, san Ollanais, sa Danmhairgis, sa Rúisis, sa tSlóivéinis, sa tSeapáinis agus i dteangacha eile nach iad. Chaith sí blianta fada ina leabharlannaí i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus tá sí ag múineadh ar an M.A. sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath faoi láthair.