Ag cothú agus ag spreagadh léitheoireacht na Gaeilge

Roinn / Tvuít

Proinsias Mac a' Bhaird

Abair liom faoin leabhar Rún an Bhonnáin agus faoin scéal atá sa leabhar.

Scéal faoi shraithdhúnmharfóir atá ann. Tá dúnmharfóir ag dul thart ag marú ceoltóirí sean-nóis agus níl a fhios ag duine ar bith cén fáth.

Tá baint ag na maruithe seo le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, an fear a scríobh an t-amhrán cáiliúil sin 'An Bonnán Buí'. Sin cnámha an scéil.

Cén dóigh ar tháinig tú ar an smaoineamh don leabhar?

Bhí The Da Vinci Code iontach mór sa nuacht agus i mbéal an phobail ag an am sin. Léigh mé é agus leabhair eile den chineál sin. Ní raibh mórán daoine ag tabhairt faoin seánra sin – na rúin mhóra stairiúla - sa Ghaeilge. Bhí mé ag iarraidh triail a bhaint as.

Bhí greann ag baint leis an rud ar fad, ar ndóigh. Níl mórán dúile ag mo bhean chéile sa tsean-nós ach tá dúil agamsa ann. Am ar bith a bhím ag éisteacht leis, deir sí, "Cuir as an gheonaíl sin." B’fhéidir gur sin an rud a chuir an síol ag fás i m’intinn. Shíl mé go mbeidh sé greannmhar ceoltóirí ar an tsean-nós a chur chun báis sa scéal.

Cad chuige ar roghnaigh tú Cathal Buí Mac Giolla Ghunna?

Sin scéal fada. Tá dúil mhór agam i gCathal Buí ó bhí mé i mo ghasúr óg. Ba ghnách le m’athair an dán ‘An Bonnán Buí’ a aithris nuair a bhí mé ag fás aníos.

D’fhoghlaim sé féin an dán nuair a bhí sé ar scoil.  Mar sin, bhí sé liom ó bhí mé an-óg. Is cuimhin liom nuair a bhí mé féin ar scoil go raibh sé ar an chúrsa, agus ansin nuair a chuaigh mé ar an choláiste rinne mé tuilleadh staidéir ar Chathal Buí.  

Bhí dúil agam sa charachtar. Sílim go raibh daonnacht ag baint leis. Tá rud éigin iontach fírinneach faoin dán sin, ‘An Bonnán Buí’, a thaitin liom, agus ar ndóigh, carachtar Chathail Bhuí é féin, fear a bhí ag fáil bháis leis an alcól agus ag streachailt leis an tsaol. Bhí dúil agam sa charachtar i gcónaí agus thar na blianta, tháinig mé ar ais is ar ais chuige. Cuid de mo shaol a bhí ann is dócha, cara a bhí liom leis na blianta.

An raibh ort mórán taighde eile a dhéanamh chun an leabhar seo a scríobh?

Bhí. Táim ag déanamh go dtarraingíonn scríbhneoir nó údar ar bith scéalta as achan rud. Bhí mé ag tarraingt as rudaí a bhí déanta, cloiste agus feicthe agam thar na blianta – scéalta a chuala mé, áiteanna ina raibh mé, eachtraí a tharla dom agus daoine a casadh orm.

Nuair atá tú ag scríobh scéil, ba mhaith leat go mbeadh blas na fírinne ann, go háirithe sna rudaí beaga. Má fhaigheann tú na rudaí beaga i gceart, creidfidh daoine na rudaí móra, is cuma cé chomh háiféiseach is atá siad. Má tá na sonraí beaga bídeacha ceart, creidfidh daoine na bréaga móra.

Bhí sé tábhachtach mar sin go mbeadh na háiteanna a luaigh mé i gceart – Maigh Nuad, Baile Átha Cliath, Leitir Ceanainn, Béal Cú agus thart faoin cheantar sin i bhFear Manach agus sa Chabhán – agus go mbeadh na sonraí i gceart, go mbeadh an tíreolas i gceart agus go mbeadh na tithe agus na daoine i gceart.

Chaith mé cuid mhór ama thart faoi dheisceart Fhear Manach agus shiúil mé na sráideanna i mBaile Átha Cliath ionas go mbeadh a fhios agam cad é go díreach a bhí le feiceáil.

An chuid is mó den am nuair a bhíonn tú ag siúl nó ag tiomáint thart, ní thugann tú na rudaí beaga faoi deara. B’éigin dom cuid mhór siúil a dhéanamh, ag glacadh nótaí agus ag tarraingt pictiúirí de na ceantair uilig. Bhí taighde le déanamh, cinnte.

An bhfuair tú mórán aiseolais ó dhaoine ar an leabhar?

Níor mhothaigh mé duine ar bith ag tabhairt amach faoi go rómhór. Is maith liom sin. Thuig na daoine a labhair liom faoi an rud a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh. Thuig siad nach rud millteanach dáiríre a bhí ann.

Thuig siad gur scríbhneoireacht ar son an spraoi agus léitheoireacht ar son an spraoi a bhí ann, ach ag an am céanna go bhfuil fiúntas éigin ann. Tá magadh ar sheánra áirithe i gceist ann agus is maith liom gur thuig daoine sin.

Cén uair a thosaigh tú ag scríobh den chéad uair?

Creidim go raibh mé i gcónaí ag cur focal ar pháipéar. Bhí an t-ádh ormsa mar sa teach inár tógadh mé bhí béim mhór i gcónaí ar an léitheoireacht. Ní cuimhin liomsa riamh dul a luí gan leabhar i mo láimh agam, agus bhínn ag léamh achan oíche.

Bhí an t-ádh orm gur scéalaithe iontach maith a bhí i mo bheirt aithreacha móra, agus ó aois iontach óg ba ghnách liomsa a bheith ag éisteacht leo agus iad ag insint seanscéalta. Bhí dúil mhór agam sna scéalta sin. Is dócha ag am éigin nuair a bhí mé óg go raibh mé ag iarraidh cuid de na scéalta sin a chur ar pháipéar.

Sin ráite, níor thosaigh mé ag scríobh i gceart go dtí go raibh mé sna fichidí.

Cad é an rud is mó is maith leat faoin scríbhneoireacht?

Tá samhlaíocht mhaith agam. Uaireanta bím ag smaoineamh agus ag samhlú rudaí agus deirim liom féin, “Tá sin craiceáilte. Dá mbeadh a fhios ag daoine faoin rud atá ar m’intinn, bheadh siad ag cur scairt ar lucht na gcótaí bána.”

An rud is maith liom faoin scríbhneoireacht ná go dtugann sé bealach dom le cuid de na smaointe a chur amach as mo chloigeann. Nuair atá siad amuigh ansin, níl siad ag teacht idir mé agus codladh na hoíche.