Ag cothú agus ag spreagadh léitheoireacht na Gaeilge

Roinn / Tvuít

Buille Marfach

Úrscéal ina bhfuil dúnmharú agus Gardaí agus coirp agus bleachtairí agus eachtraíocht, agus tá súil againn, réiteach. Má thaitníonn an t-ábhar seo leat, seo é an leabhar duit!

Úrscéal ina bhfuil dúnmharú agus Gardaí agus coirp agus bleachtairí agus eachtraíocht, agus tá súil againn, réiteach. Má thaitníonn an t-ábhar seo leat, seo é an leabhar duit!

Tá scata mór carachtar ann a chuirtear inár láthair uaireanta le chéile, uaireanta ceann ar cheann. Tá a scéal féin ag gach duine díobh, agus scéalta rúnda ag go leor. Tá éagsúlacht iontu.

An bhean a bhfuil saol socair ag teastáil uaithi, a fear céile de dhúchas na hAfraice, iníon in aois achrannach iníne, mac a bhfuil samhlaíocht mhór aige, Garda uaillmhianach, cuairteoirí ón iasacht le tuairimí láidre sóisialta, fear gnó saibhir atá mór le maithe na tíre, aonaráin áitiúla a bhíonn ag faire gach a mbíonn ar siúl, bean a fuair cnap airgid sa chrannchur náisiúnta, a fear céile atá idir a bheith éadmhar agus uiscealach…

Seans maith gur leor é sin le suim sa scéal a spreagadh. Ach de bhreis air sin, tá formhór an scéil suite i gceantar Bhéarra in Iarthar Chorcaí.

Ceantar álainn, ceantar sceirdiúil, ceantar turasóirí, ceantar siúlóide, agus ceantar dúnmharaithe!

  • ‘Scéal bleachtaireachta a thugann tú leis ó leathanach go leathanach agus ó charachtar go carachtar go dtí go scaoiltear an freagra. Iontach mar leabhar!’
    Jacqueline de Brún
  • ‘Dúnmharú agus bagairt i mBéarra. Scríbhneoir os cionn a buille mharfaigh ó thús go deireadh, ach cén deireadh?’
    Cathal Poirtéir