Ag cothú agus ag spreagadh léitheoireacht na Gaeilge

Roinn / Tvuít

Hurlamaboc

Is é seo an tríú húrscéal Gaeilge a scríobh Eibhlís Ní Dhuibhne, údar a bhfuil scéalta agus drámaí scríte sa Bhéarla aici chomh maith. Tá stíl dheas éasca líofa aici a chuireann síos de ghnáth ar ghnáthshaol ghnáthdhaoine, ach cuireann sí idir dhaonnacht agus dhrámatúlacht i gcónaí san insint. Úrscéal bleachtaireachta ba ea Dúnmharú sa Daingean, agus is fiú dul á lorg más maith leat scéalta den tsaghas sin.

Baineann Cailíní Deasa Ghleann na mBláth le saol pósta an lae inniu, ach chomh maith le daltaí scoile i gColáiste Gaeilge Samhraidh. Chuaigh na mílte is na mílte tríd an taithí sin, agus dá réir sin, aithneoidh siad go maith a bhfuil ann. An t-úrscéal seo Hurlamaboc, a dtugann foclóir Uí Dhónaill ‘commotion, uproar,’ mar bhrí leis, agus a bhfuil ‘clatter, row, confusion’ air foclóir an Duinnínigh, tá suite go daingean i saol na cathrach inniu. Déagóirí is ea na príomhcharachtair, agus is iad a gcúraimí ábhar an leabhair.

  • ‘Déanann a cuid coileán iniúchadh ar anTíogar Ceilteach sa leabhar seo, agus ar a luachanna . . . agus ní go ró-mhaith a thagann an tíogar céanna amach as!’
    Réaltán Ní Leannáin
  • ‘Úrscéal beoga, eachtrúil, corraitheach. Triúr déagóirí, trioblóidí dá gcuid féin acu araon. Agus timpiste a chuireann an saol bunoscionn ar fad.’
    Anna Heusaff
  • ‘Úrscéal géar, grámhar agus greannmhar a phléann le ceisteanna aicme, caidrimh agus gnéasachta i saol an duine óig.’
    Sorcha De Brun