Ag cothú agus ag spreagadh léitheoireacht na Gaeilge

Roinn / Tvuít

Rún an Bhonnáin - Léirmheas

Rún an Bhonnáin

IMRAMLéirmheas le hAnna Heussaff
Foilsithe in www.imram.ie

Scéinséir mistéire is ea Rún an Bhonnáin ina léirítear comhcheilg mharfach idir lucht eaglasta agus údaráis eile, bagairtí báis ar amhránaithe sean-nóis an Oireachtais, agus tóraíocht trastíre ó Ollscoil Mhaigh Nuad go Conamara agus ó Bhréifne an Chabháin go Leitir Ceanainn.

IMRAMLéirmheas le hAnna Heussaff
Foilsithe in www.imram.ie

Scéinséir mistéire is ea Rún an Bhonnáin ina léirítear comhcheilg mharfach idir lucht eaglasta agus údaráis eile, bagairtí báis ar amhránaithe sean-nóis an Oireachtais, agus tóraíocht trastíre ó Ollscoil Mhaigh Nuad go Conamara agus ó Bhréifne an Chabháin go Leitir Ceanainn.

Mar bharr ar an méid sin, caithfidh laochra óga an scéil lámhscríbhinní rúndiamhaire a scrúdú agus nasc a aimsiú idir eachtraí fuilteacha an lae inniu agus an clú a d’fhág duine de mhórfhilí an 18ú haois, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, ina dhiaidh.

Cén t-iontas, más ea, go bhfuil an-éileamh ar Rún an Bhonnáin ó foilsíodh é um Nollaig 2010 – agus go bhfuilim féin agus mo chomhléitheoirí ag tnúth go scríobhfaidh Proinsias Mac a’ Bhaird leabhar eile dá shórt go luath?

Is úrscéal bríomhar, barrúil, casta, cliste é, agus faraor, tá a leithéid measartha tearc go fóill sa soláthar comhaimseartha Gaeilge.

Ach tá focal cáinte le cur agam mar ruball leis an moladh. B’fhearr fós a d’éireodh le Rún an Bhonnáin, dar liom, dá mbeadh babhta breise athdhréachtaithe déanta ag Mac a’ Bhaird sular foilsíodh an t-úrscéal.

Bhain mé an-sult as an scéal a léamh, ach bhraith mé go raibh gnéithe den phlota agus den scéalaíocht pas leibideach ar dhóigheanna a réiteofaí ach tamall éigin níos faide a chaitheamh leo. 

Tuigim go maith an brú ama is intinne araon a ghabhann le dréacht críochnaitheach a chur ar fáil. Bíonn fonn ar scríbhneoirí an saothar a chur dínn agus fós bíonn leisce orainn an leanbh seo a d’oileamar a scaoileadh amach sa saol mór neamhthrócaireach.

Ag an am céanna, bíonn foilsitheoirí agus eagarthóirí ag iarraidh freastal ar a gcuid sceideal féin – agus feictear dom go bhfuil roinnt foilsitheoirí Gaeilge ann fós a bhrostaíonn scríbhneoirí chun cló go rósciobtha, seachas iarracht amháin dheireanach a éileamh, le súil go gcuirfear barr feabhais ar an saothar. 

Ach fillimis ar na pléisiúir léitheoireachta a ghabhann le Rún an Bhonnáin. An teist is mó ar scéal mistéire ná go mbeadh fonn ar an léitheoir na leathanaigh a chasadh chun a fháil amach cé a rinne an drochbheart agus cén fáth.

Bhí an fonn sin orm ó thús go deireadh an leabhair seo, mar thoradh ar shamhlaíocht bheoga an údair, ar chastacht chliste na plotaireachta agus ar an insint nádúrtha tríd síos. 

Tá sé ráite cheana go bhfuil cosúlachtaí idir Rún an Bhonnáin agus The Da Vinci Code; ach ní hionann is Dan Brown, d’éirigh le Mac a’ Bhaird gan tuin mhórchúiseach a ghlacadh chuige féin, agus tá éadroime stíle aige a chuireann in iúl dúinn gur thug sé faoin scéal go spraíúil. 

Bua eile ná an taighde a rinne sé le linn na tréimhse scríbhneoireachta agus é ag triall ar na ‘láithreacha coire’, ionas go mbeadh sé in ann pictiúir agus atmaisféar inchreidte a chruthú dúinn.

Cuidíonn an taighde úd leis an léitheoir géilleadh go sásta d’imeachtaí agus do chur i gcás an scéil; agus in Rún an Bhonnáin, ní luíonn sé ina chnap trom ar an scéal, mar a tharlaíonn nuair is rómhian le húdair an t-ualach a shaothraigh siad a chur ar taispeáint. 

Maidir leis na samplaí leibideachta a chuir as dom, ceann acu ná an dóigh a dtagann duine de na lárcharachtair, Clíodhna, chuici féin go róghasta tar éis na tubaiste a thit amach ina saol; agus ceann eile, sílim, ná an láimhseáil a dhéantar ar ról na ngardaí.

D’éirigh le Mac a’ Bhaird saol na Gaeilge a fhí sa phlota ar dhóigh iontach barrúil, ach níor bhain sé leath a dhóthain aoire, dar liom, as féile an Oireachtais a chur i láthair mar chuid de chultúr peacach, ragairniúil ár linne.

Rud eile nár thaitin liom mórán ná gur pulcadh sraith eachtraí marfacha in aon chaibidil amháin go luath sa scéal – laghdaíodh ar an teannas dá bharr agus ní raibh mé sách gafa leis na híospartaigh mar charachtair dhaonna. 

Ach pé laigí atá le fáil in Rún an Bhonnáin, déarfainn gur beag a chuir siad isteach ar fhormhór na léitheoirí. Is léir go bhfuil pobal láidir ann don scíthléitheoireacht, idir scéalta grá, scéalta mistéire agus sheánraí eile.

Tá úrscéalta bleachtaireachta ag teacht chun cinn i nGaeilge le roinnt blianta anuas, ach níl againn fós ach dornán díobh i gcomparáid leis an iliomad stíleanna ina scríobhtar na húrscéalta seo i dteangacha eile.

Bímís ag tnúth lena thuilleadh acu, más ea, ní hamháin ó Phroinsias Mac a’ Bhaird i dTír Chonaill, ach ó scríbhneoirí i ngach cearn eile den tír freisin.